Wednesday, November 27, 2013

// AMHRÁN NUA // Hozier - Take Me To Church

Dia dhaoibh gach duine!

Conas atá sibh? Tá brón orm nar scríobh mé aon post ar CGD le déanaí, ach mar a dúirt mé, beidh mé an-ghnóthach i mbliana mar beidh mé ag déanamh mo Theastas Sóisearach i mí an Mheithimh.

Ach táim ag déanamh iarracht chun scríobh rudaí ar an mblag nuair a bíonn an seans agam. :)

So, tá amhrán nua agam dóibh! Ar chuala sibh 'Take Me To Church?' Canann 'Hozier' é. Is amhrán an-deas é, creid dom! Tá an t-amhrán ag ardú sna cairteanna anois mar éisteann gach duine leis an t-amhrán nua seo agus bíonn sé ar an raidió gach lá!

Seo é an nasc YouTube ar aon nós, agus beidir clicfidh tú air...

http://www.youtube.com/watch?v=MYSVMgRr6pw



Slán go fóill :)

Julia

No comments:

Post a Comment